Again therefore, Jesus spoke to them, saying: I am the light of the world: he that
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12)
Home | Doctrine | Prayers & Devotions| Spirituality | Saints | Pro-Life | Community | Catholic Links| Culture



An Chré (Nicene)



Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a rinne neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, Aonmhac Dé,
an té a rugadh ón Athair
sula raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor-Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d'aonsubstaint
leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.


Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son;
d'fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit
agus adhlacadh é.
D'aiséirigh an treas lá de réir na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhrach agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
ba é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.
Amen.