|
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12) |
|
|
|
![]() |
Mórann m'anam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir; Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh. Mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm. Agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin, |
| dóibh seo ar a mbíonn a eagla. Thaispeáin sé neart a láimhe. Scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. Leag sé priosaí óna gcathaoireacha agus d'ardaigh sé daoine ísle. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe agus chuir sé na saibhre uaidh folamh, D'fhóir sé ar Iosrael, a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire de réir mar a gheall sé dár n-aithreacha, d'Abráhám agus dá shliocht go brách. Glóir don Athair agus don Mhac agus don Siorad Naomh; mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách le saol na saol. Amen |