|
Tháinig aingeal an Tiarna le scéala chun Muire, Agus gabh sí ón Spiorad Naomh. Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mná Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, Anois agus ar uair ár mbáis. Amen. Féach mise banóglach an Tiarna, Déantar liom de réir d'fhocail. Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mná |
| Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, Anois agus ar uair ár mbáis. Amen. Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna Agus chónaigh sé inár measc. Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mná Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, Anois agus ar uair ár mbáis. Amen. Guigh orainn, a Naomh-Mháthair Dé, Ionas go mb'fhiú sinn geallúna Chríost. Guímis Doirt anuas, impímid, a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe, ionas, sinne a fuair fios, trí scéala an aingil, ar theacht Íosa Críost do Mhac i gcolainn dhaonna, go dtiocfaimis, trí luaíocht a pháise agus a chroise, chun glóir a aséirí. Tríd an gCríost céanna ár dTiarna. Amen. |
| Home | Prayers | The Holy Rosary | God's Creation | Irish Studies | Catholic Links | Community Outreach |