Again therefore, Jesus spoke to them, saying: I am the light of the world: he that
followeth me, walketh not in darkness, but shall have the light of life. (John 8:12)
Home | Doctrine | Prayers & Devotions| Spirituality | Saints | Pro-Life | Community | Catholic Links| Culture



Liodán na Maighdine Muire






Cuirimid sinn féin faoi do thearmann,
a Naomh-Mháthair Dé; ná diúltaigh dár
n-urnaithe in am ár riachtanais, ach ón
uile bhaol beir leat saor sinn, a Mhaighdean
shíorghlórmhar bheannaithe.

A Thiarna, déan trócaire orainn.
A Chríost, déan trócaire orainn.
A Thiarna, déan trócaire orainn.
A Chríost, éist linn.
A Chríost, deonaigh éisteacht linn.
A Dhia, a Athair na bhFlaitheas, déan trócaire orainn.
A Dhia, a Aonmhic Dé, a Fhuascaltóir an domhain, déan trócaire orainn.
A Dhia, a Spioraid Naoimh, déan trócaire orainn.
A Thríonóid Naofa, a aon Dia amháin, déan trócaire orainn.
A Naomh-Mhuire, guigh orainn.
A Naomh-Mháthair Dé, guigh orainn.
A Naomh-Mhaighdean na Maighdean, guigh orainn.
A Mháthair Chríost, guigh orainn.
A Mháthair na ngrásta diaga, guigh orainn.
A Mháthair róghlan, guigh orainn.
A Mháthair rógheanmnaí, guigh orainn.
A Mháthair gan toibhéim, guigh orainn.
A Mháthair gan truailliú, guigh orainn.
A Mháthair gheanúil, guigh orainn.
A Mháthair iontach, guigh orainn.
A Mháthair na dea-chomhairle, guigh orainn.
A Mháthair ár gCruthaitheora, guigh orainn.
A Mháthair ár Slánaitheora, guigh orainn.
A Mhaighdean ró-eagnaí, guigh orainn.
A Mhaighdean ró-onórach, guigh orainn.
A Mhaighdean róchlúúil, guigh orainn.
A Mhaighdean róchumhachtach, guigh orainn.
A Mhaighdean rócheansa, guigh orainn.
A Mhaighdean ródhílis, guigh orainn.
A Scáthán an chirt, guigh orainn.
A Chathaoir na heagna, guigh orainn.
A Chúis ár lúcháire, guigh orainn.
A Shoitheach spioradálta, guigh orainn.
A Shoitheach onórach, guigh orainn.
A Shoitheach oirirc na caondúthrachta, guigh orainn.
A Rós rúndiamhrach, guigh orainn.
A Thúr Dháiví, guigh orainn.
A Thúr eabhartha, guigh orainn.
A Theach órga, guigh orainn.
A Airc an Chonartha, guigh orainn.
A Gheata na bhFlaitheas, guigh orainn.
A Réalta na Maidine, guigh orainn.
A Shláinte na n-easlán, guigh orainn.
A Choimirce na bpeacach, guigh orainn.
A Shólás na ndobrónach, guigh orainn.
A Chúnamh na gCríostaithe, guigh orainn.
A Bhanríon na nAingeal, guigh orainn.
A Bhanríon na nArdaitheacha, guigh orainn.
A Bhanríon na bhFáithe, guigh orainn.
A Bhanríon na nAspal, guigh orainn.
A Bhanríon na Mairtíreach, guigh orainn.
A Bhanríon na gCoinfeasóirí, guigh orainn.
A Bhanríon na Maighdean, guigh orainn.
A Bhanríon na Naomh uile, guigh orainn.
A Bhanríon a gabhadh gan peaca an tsinsir, guigh orainn.
A Bhanríon a tógadh suas ar Neamh, guigh orainn.
A Bhanríon an Phaidrín rónaofa, guigh orainn.
A Bhanríon na Síochána, guigh orainn.
A Uain Dé a thógann peacaí an daomhain, ná daor sinn, a Thiarna.
A Uain Dé a thógann peacaí an domhain, deonaigh éisteacht linn, a Thiarna.
A Uain Dé a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.


A Thiarna, déan trócaire orainn.
A Chríost, déan trócaire orainn.
A Thiarna, déan trócaire orainn.

Guigh orainn, a Naomh-Mháthair Dé Ionas go mb'fhiú sinn geallúna Chríost.

Guímis

Bronn orainn, a Thiarna Dia, buansláinte
choirp agus anama; agus trí idirghuí ghlórmhar
Naomh-Mhuire síorógh, tabhair fuascailt dúinn
ó bhrón an tsaoil seo agus deonaigh an t-aoibhneas
síoraí dúinn thall. Amen